By using this website, you consent to the use of cookies in accordance with the MyHome.ie Cookie Policy

€418,000
Refreshed on: 14/06/2019

Cearnóg Eastham , Bettystown, Meath

5 beds Detached House 160 m 2 Energy Rating


Description

Is teach galánta é an teach seo i gCearnóg Eastham. Is teach scoite 5 sheomra codlata é. Tá radharcanna áille timpeall an tí mhóir seo.

Tá an teach 500m ó shráidbhaile Baile an Bhiataigh, Co. Na Mí. Is teach iontach deas compórdach é seo don chlann ar fad. Sa cheantar seo, tá cúirteanna leadóige, linn snámha, trá mhór bhreá agus cúrsa gailf le 18-poll. Is féidir siúl go dtí an trá taobh istigh de cúpla nóiméad, agus tá siopa Tesco ar thairseach an dorais.

Tá baile Dhroichead Átha thart ar 15 nóiméad tiomána ó Chearnóg Eastham. Tá stáisiún traenach agus bus, go leao bialann agus lárionad siopadóireachta cóngarach don teach.

Níl aerfort Bhaile Átha Cliath agus an M50 ach 30 nóiméad tiomána ón teach. Mar sin, beidh rogha den chéad scoth agat.

Tá go leor scoileanna deasa timpeall an cheantair seo- Gaelscoil an Bhradáin Feasa ina measc.

Is teach dhá stór é. Tá urláir dheasa curtha isteach ann agus é péinteáilte ó bhun go barr cheana féin. Thuas staighre, tá 5 sheomra codlata le vardrúis agus leithreas nasctha le seomra amháin. Chomh maith le sin, tá seomra folctha mór agus tá staighre nua-aimseartha ann. Thíos staighre tá cistin, leithreas, seomra bia, oifig agus seomra suite. Tá go leor spáis agus cófraí stórais sa chistin. Is seomra breá é an seomra suite ina bhfuil go leor spáis le bheith i do shuí leis an gclann ar fad, le do pheata nó b’fhéidir cúpla cuairteoir.

Tá gairdín chúil ag an teach seo le dóthain spáis spraoi ann do na páistí, nó b’fhéidir gur mhaith leat bairbiciú a bheith agat ar an bpaitió. Tá dhá spás páircéala chun tosaigh le gairdn beag.

Painéil gréíne atá ann mar chóras teasa. Mar sin, beidh billí ísle agat toisc an BER: A3.

Features

• Teach scoite le 5 sheomra codlata agus 3 sheomra folchta
• 500m ó shráidbhaile Bhaile an Bhiataigh
• Achar an Tí: 160 méadar cearnach
• 2 spás páirceála
• Cláraithe don scéim ‘Cabhair le ceannach’

BER Details

BER: A3

Shane Black Property Advisors and Agents Ltd

13/14 The Bullring, Drogheda, Co. Louth

Tel: 041 981 0848

PSRA Licence No.  002239

Affordability

Stamp Duty: €4,180.00
Total Amount: €422,180.00


€418,000
€418,000
BESbswy